Irish
Pronunciation: 'I-rish
Function: noun
Etymology: Middle English, from (assumed) Old English Irisc, from Iras Irishmen, of Celtic origin; akin to Old Irish Ériu Ireland
1 plural in construction : natives or inhabitants of Ireland or their descendants especially when of Celtic speech or culture
2 a : the Celtic language of Ireland especially as used since the later medieval period b : English spoken by the Irish

SCOIL GHAEDHEALACH.

Aistí ó

"CHONÁN MAOL," "BEIRT FHEAR," "AN tATHAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," Agus
"GRUAGACH AN TOBAIR."

Ar n-a chur amach do CHONNRADH NA GAEDHILGE,

Baile Átha Cliath.

1903.


CLÁR AN LEABHRÁIN SEO.


I. Scoil Ghaedhealach, ó "Chonán Maol."
II. Scoil Ghaedhealach, ó "Bheirt Fhear."
III. Scoil Ghaedhealach, ó'n Athair Pádraig Ó Duinnín.
IV. Cuirtear Corc sa Bhairile feasta, a Uaisle, ó "Ghruagach an Tobair."


RÉAMHRÁDH.


Tháinig na haistí leanas annso amach i nIRISLEABHAR na GAEDHILGE, agus
táimíd dá gcur i gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleadh maitheasa,
agus go gcabhróghaid chum brostughadh ar an lá go mbeidh scoileanna agus
oideachas na hÉireann go fíor-Ghaedhealach.

Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar acht ná fuilimíd ag
déanamh úsáid dár dteangaidh féin chum gach éan-tsaghas gnótha do chur i
gcrích. Labhraimís Gaedhilg leis na leanbhaí scoile, múinimís ealadhna
is eile dóibh tríd an nGaedhilg, is annsoin is gairid an mhoill go
mbeidh Éire Gaedhealach amuigh 's amach.

FEAR AN IRISLEABHAIR.


I. SCOIL GHAEDHEALACH.


Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an talamh, baintear an fód,
rómharthar go bhfaightear bun daingean dlúth & cuirtear an
chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag léiriughadh na talmhan. Is gnó
tairbheach é & gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe leis acht i n-ionad
a gclocha cúinne do dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas chruaidh
is eadh is baoghlach go bhfuilmíd 'gá gcur ar thalamh bhog do chritheann
fá n-ár gcosaibh.

Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha agus má shuidhtear tigh air sin ní
réabfadh gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir na tigh sin.

Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i
bhfad ins na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht cleathacha adhmaid
chum fallaí, & scrath an tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad
thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar a gcuireann Connradh na
Gaedhilge fútha indiu.

Cuirimís-ne leis tigh ar bun--scoil Ghaedhealach, i gceanntar
Ghaedhealach--is cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó theas,
acht go mbeidh an áit Gaedhealach. Caidé an cuma is fearr chum a déanta?
Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe le n-a leithéid do chur ar
bun acht dála na cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum cinn bheinn
buidheach do chách a chomhairle thabhairt dúinn.

Dar liom-sa tá an scoil curtha suas cheana agus ní fhuil againn acht a
cruth d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í do thóg an sagart
paróiste le cabhair an Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn ar
dtúis cead an tsagairt agus cead tuismidhe na leanbh d'fhagháil agus an
scoil do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an bord í go mear má bheidh
fhios aca go bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a scoil 'n-a
fotharach folamh aca chum scátha thabhairt d'uanaibh lá fearthainne.
Muna bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn ceann nuadh. "Cad do
dhéanfar leis an máighistir mbocht atá annsúd?" adéarfaidh duine éigin.
An méid seo go deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin má tá sé 'n-a
chumas Gaedhilg is léigheann maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é ó
smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar tuarastal níos fearr dó ná tá
aige agus coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuarastal soin ar feadh
a bheathadh acht a ghnó do dhéanamh go maith & aire thabhairt dó féin.

Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal 200 púnt 'sa mbliadhain, do
mhúinfeadh an leanbh ó thosach i nGaedhilg, & do dhéanfadh clár oibre
mar leanas:--

GARSÚIN IS GEARRCHAILLÍ I n-ÉINFHEACHT AMUIGH IS AMACH LE SÉ BLIADHNA
D'AOIS,

An chéad bhliadhain:

Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe.

An dara bliadhain, & as soin go dtí an t-aonmhadh bliadhain déag:

Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, léar-eólas,
Béarla--gach nídh múinte thre Ghaedhilg.

An t-aonmhadh bliadhain déag:

Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, & Úclid.

Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas:

Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na cailíníbh i dteannta
an mháighistir, do mhúinfidh Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán,
Cócaireacht is gach nídh do bhaineann le tigh, is le
héanlaithe.

Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de mhúinteóir ar chéad go leith
'sa mbliadhain & ar an oiread céadna fear do mhúinfeadh míniughadh
talmhan do na buachaillíbh.

Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile i gcóir gach
saghas míniughadh talmhan do mhúineadh dhóibh ní amháin as
leabhraibh acht as obair lámh. Is leis na haosánaigh toradh na
talmhan soin & cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar
ar an margadh na barraí.

Is é míniughadh talmhan an t-eólas is oireamhnaighe d'ár ndaoinibh
indiu. Níor múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air, támuid creachta ag
tíorthaibh deórata toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn le sochar
do bhaint as an dtalamh. Deir fir eólacha go mbainfidhe a chúig n-oiread
sochair as an dtalamh so againn is baintear as indiu. Dá mbainfidhe féin
ba bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go dtí seo ag an bpéist sin
an máighistir talmhan. Tá breacadh an lae chughainn ámh, agus is mithid
d'fheirmeóiríbh na hÉireann iad féin do ghléasadh. Tá daoine eile
lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid talmhan agus ár dtír-ne ag dul
chum fiadhantais.

Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain is gnáthach le feirmeóirí na
scioltháin do chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is
aoileach do chur leó go séideann na bog-ghais thre shúilibh na sciolthán
soin. 'Sa mhí seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i dtalamh is
beidh prátaí nua san Abrán atá chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá
thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bhealtaine i gcathair Lúnduin. Ní
áiteómhadh an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas feirmeóirí na
hÉireann an rud céadna do dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is chomh
críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach bhfuil eólas mínighthe
talmhan aca. Ní féidir leó dá réir sin dhá bharra prátaí do bhaint as an
dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin & an leasughadh ceart do chur ar n-ais
ann gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc.

"An as scoilín Gaedhealach do mheasann tú an t-eólas soin do mhúineadh
do na feirmeóiríbh?" adéarfaidh duine éigin, is é ag leamh-gháiridhe. Go
réidh, a dhalta. Ni fhuil síol-chnó na daire chómh mór le méaracán, acht
féach ar bhile na coille d'fhásann uaidh, a cheann go hárd, a phréamha
go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga reamhra, righne. D'fhás
an crann uaibhreach soin as beagán, ní raibh deabhadh 'ná deithneas air,
acht níor staon sé riamh gur fhás sé. Féach go cruinn air, is
machtnuigh!

D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur ar bun & taithighe bheith
againn ar an ngnó, is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil mar a
múinfear gach uile chéird do theastóchaidh uainn i nÉirinn, mar atá
leasughadh leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht, táilliúireacht,
siúinéireacht, & cearda eile. Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha
Cliath, nó gCorcaigh, nó i nGaillimh, le haghaidh gach ealadha
thairbheach do mhúineadh as Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na
scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir scoileanna na Teamhrach is
Chluana, Bheannchoir is Árdmacha ar bun, & leath a gcáil ar fuid an
tsaoghail. Tá an fhuil chéadna ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is
linn-ne tír gheal-innseach na hÉireann, & is gearr go mbeidh sí againn
le congnamh Dé.

* * * * *

Mar a gcuireann C. na G. fútha, _where the G.L. put up
(reside)_. Tuismidhe, _parents_. Áireamh, _Arithmetic_.
Léar-eólas, _Geography_. Tómhas Cruinne, _Geometry_. Míniughadh
talmhan, _Agriculture_. Aosánaigh, _youngsters_. Tíortha
deórata, _foreign countries_. Scioltháin, _"cut" potatoes for
seed_. Ithir, _earth-mould_. Ní áiteomhadh &rl. _The world
would not persuade me_. Críochnamhail, _industrious_. Síol-chnó
na daire (no darach), _the seed nut of the oak, acorn_.

CONÁN MAOL.


II. SGOIL GAEDHEALACH.


Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. Teastuigheann sgoil Ghaedhealach
uainn. Ní múineadh atá againn i nÉirinn anois acht creachadh, & tá a
rian orainn. Tá an donas a' teacht ar ár dtír. Ní'l againn acht
bliadhain níos measa 'ná a chéile. Tá muinntir na tuaithe a' scaipeadh
agus a' meathadh, & tá na sráid-bháiltí beaga ag dul i n-olcas gan
aonach gan margadh foghanta.

Féachaimís ar an dtalamh agus ar churadóireacht na tíre. Tá an chuid is
mó de'n talamh leath-bháithte le huisge, & ní hamháin an talamh ísiol
acht leicne árda. Is ortha tá na barraí breaghtha luachra a' fás & gan
duine ná daoine a rómharfadh díog chun iad a thiormughadh. Féach
feirmeóirí na hÉireann a' díol a gcod' coirce ar dhá theistiún an chloch
& a' tabhairt sgillne ar _Castalia_ nó ar rud éicint eile go bhfuil ainm
mhór air.

Féach ár dtír agus í maol ó chrannaibh. Nuair do b'fhéidir leis na
huaislibh crainn a chur níor chuireadar iad. Dá gcuirfidís ní bheidís
anois mar bheadh bacaigh a dúthaigh ag iarraidh déarca ar Bhuindeam.
Bheadh airgead i n-a bpócaíbh aca & bheadh obair ag lucht oibre atá
anois a' teitheadh as Éirinn. Agus cad is cionntach leis seo? An saghas
tabhairt suas a fuaireadar. Níor cheap éinne go mba cheart d'uaislibh na
hÉireann eólas do bheith aca ar thalamh na hÉireann. 'Seadh! tá toradh a
ndeagh-oibreacha aca anois, & is baoghlach liom-sa nach ag dul i
bhfeabhas a bheidh an sgéal aca feasta.

Acht cad deir an feirmeóir? Ceapann seisean ná fuil éan-mhaitheas i
gcrainn acht iad do ghearradh & a dhóghadh. "Ní'l siad acht a' sughadh
brighe an tailimh." Ní baoghal dó-san crann a chur. Gearrann sé an crann
mar gheall ar a bheith 'sa' tslighe air, acht bíonn na mílte feóchadán &
geósadán a' fás i n-a pháirc aige.

Nuair a bhí sé seo 'n-a gharsún a' dul ar sgoil fuair sé árd-mhúineadh.
Bhí fhios aige cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' domhan. Do 'neósfadh sé
dhuit an méid uisge ghabh le fánaidh le bliadhain i n-abhainn mhóir
íochtair Aimeirice, & bhí cúnntas cruinn aige ar athair agus ar mhathair
ríogh bhí 'sa' Róimh na mílte bliadhan ó shoin. Badh dhóigh le duine gur
adhbhar captaín a bhí 'sa' gharsún agus an saghas foghluim a fuair sé ar
sgoil. Nár chóir go mbeadh an bheag nó an mhór d'eólas le fagháil aige
ar an tslighe bheathadh bhí i ndán dó. Acht ní mar sin a bhí. Chonnaic
sé na crainn a' fás; chonnaic sé an duilleabhar a' séideadh ins an
Earrach & a' tuitim 'sa' bhFoghmhar; acht níor chuir éinne 'n-a cheann
ná raibh ó'n gcrann úd ar thaobh an bhóthair acht greim fhagháilt ar an
dtalamh & go mbeathóchadh an t-aer é.

Is cuimhin liom-sa sean-daoine nár chaith lá riamh ar sgoil, & geallaim
& deimhinghim gur mó an t-eólas a bí aca ar churadóireacht & ar
nidhthibh a bhaineann le saothrughadh na talmhan 'ná bhíonn anois aca so
a chaitheann na bliadhanta ar sgoil.

Ní héin-iongnadh an sgéal a bheith mar seo ag ógánaigh na haimsire seo.
Tagann mórán d'ár gcuid eólais chughainn ó dhúthchas. Pé eólas a bhí ag
ár seacht-sinsearaibh is i nGaedhilg do b'fhéidir leó é chur i n-umhail
dá gclainn; acht ní raibh éin-mhesa aca-san ar Ghaedhilg. Chaitheadar
uatha í, & i n-a theannta sgaradar le heólas na sean-daoine a tháinig
rómpa. B'fhéidir go raibh beagán d'eólas a shinsear ag an bpáisde ar
dhul ar sgoil dó ar dtúis. Acht, má bhí, níor b'fhada gur stracadh as na
préamhachaibh an t-eólas so, & má fhágadh éan-chuid de gan stracadh, do
múchadh é le carta an Bhéarla sara raibh an leanbh leath-bhliadhain ar
sgoil. Thug na múinteóirí iarracht ar síol an Bhéarla a chur. Ní raibh
an ithir ró-oireamhnach, & ba mhinic an síol go holc, & ba mheasa é an
leasughadh, & b'é deireadh an sgéil é gur fhág an sgoláire an sgoil & é
gan Bhéarla gan Ghaedhilg.

Bhfuil leigheas le fagháil ar an aicíd seo? Tá, gan amhras. Tá an
leigheas ag an ndorus againn. Tá an leigheas i dteangain ár sinsear.
Moladh le Dia! tá an leigheas ag oibriughadh anois. Tá síol curtha i
n-ithir mhaith. Ba mhaith linn-ne dá bhfeicimís an geamhar a' teacht
suas níos treise & níos tiugha 'ná atá sé. Acht bíodh foidhne againn.
"Tagann gach maith le cáirde," & "I ndiaidh 'chéile dhéantar na
caisleáin." Beidh barra maith againn fós, le congnamh Dé.

Ní doig liom féin gur tháinig an t-am fós chun Sgoil Ghaedhealach
"Chonáin Mhaoil" a chur ar bun.

'Sé is ceart dúinn úsáid a dhéanamh des na sgoileanna atá againn. Má is
maith leis na stiúrthóirí é, is féidir leó Sgoil Ghaedhealach a dhéanamh
d'éan-sgoil atá fútha. Anois ní fuláir nó tá sagart le fagháil i
Gceanntar Ghaedhealach a chuirfeadh Sgoil Ghaedhealach ar bun. Agus muna
bhfuil a leithéid seo le fagháil, cuirimís sgoil oidhche suas. Tá
airgead le fagháil ó'n Riaghaltachas ar an obair seo. Is féidir linn-ne
greim fhagháil ar chuid de chun na Gaedhilge a mhúineadh & ní dóigh
liom-sa go bhfuil aon scairt 'sa' bhearnain le cosg a chur orainn.

"An té ná bíonn láidir
Ní fuláir do bheith glic."

Ní'lmid-ne láidir fós, & nuair ná fuilmid, 'sé is fearra dhúinn a
dhéanamh 'ná greim a bhreith ar gach buntáiste & úsáid a dhéanamh díobh
ar son na Gaedhilge.

"Glac a bhfaighir & díol a bhféadfair."

BEIRT FHEAR.

Gluais.

Creachadh, _spoiling_. A' scaipeadh & a' meathadh _scattering and
decaying_. Sráid-bhailtí, _villages_. Leicne árda, _high hill-sides_.
Dhá thuistiún an chloch, _eightpence a stone_. Maol ó chrannaibh, _bare
of trees_. Crainn a chur, _to plant trees_. Ag iarraidh déarca, _seeking
alms_. Cad is cionntach, _what is to blame for this_. Tabhairt suas,
_up-bringing, education_. Ní baoghal dó-san crann chur, _no fear of his
planting trees_. Cia'ca an cnoc is aoirde, _which is the highest
mountain_. Ghabh le fánaidh, _went down_. An bheag nó an mhór d'eólas,
_some little or much knowledge_. Curadóireacht, _agriculture_. Is i
nGaedhilg do b'éidir leó, _in Irish they were able to make it known to
their children_. Stracadh as na préamhacha, _torn out of the roots_. An
ithir, _the soil_. Geamhar, _young grass_. Scairt sa bhearnain, _a bush
in the gap_.


III. SCOIL GHAEDHEALACH.


Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht thar Ghaedhilg & ag áiteamh
ar dhaoinibh gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í shaothrughadh mar
shaothruighthear gach beó-theanga 'san Eóraip. Is beag an mhaitheas
bheith ag iarraidh smacht a chur ar dhaoinibh bochta gábhataracha, ar
lucht iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a leithéididhibh,
bheith ag iarraidh maide a thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad
féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a bpáistidhibh & bheith ag gearán
ná fuil ruainne do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a measc nuair a
mhothuightear an tuile ag trághadh & gan caoi ar chasadh aici. Is beag
an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd gach nídh bhaineann le n-a
ngnó saoghalta do mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg. Muna bhfuil
brigh 'san Ghaedhilg fé láthair acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca
do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh go tigh nó fós chum amhráin
shultmhara do chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh fiú na
bríogh soin féin innti, agus is beag an mhaitheas dúinn bheith ag
gabháil dí agus ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a beathaidh. Ní
féadfaidh daoine bheith i gcomhnuidhe ag díol cearc nó ag comhaireamh
éisc nó ag lorg na déirce--caithfear a lán rudaidhe nach iad a dhéanamh,
& muna mbeidh sé i gcumas na ndaoine iad a dhéanamh i nGaedhilg déanfar
i mBéarla iad agus léigfear an Ghaedhilg le fuacht is le faillighe. Má
fhanann gach duine óg is aosta, a labhrann Gaedhilg is ná fuil tabhairt
suas i mBéarla air, má fhanann sé 'n-a _illiterate_, má's éigin dó a
mharc (×) a chur i bpáipéar i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir
Béarla d'fagháil dá chlainn nó iad a bheith 'n-a n-_illiterates_ mar é
féin--má leantar do'n chleas soin, is gearr a bheidh a leithéidí sin d'
_illiterate_ n-ár measc, is geárr a bheidh Béarla ag éinne acht
drabhghail bheag gan bhrigh. Cad do ruaig an Ghaedhilg as Conntae
Luimnigh, as Conntae Tiobrad Árann, as ur-mhór de Chonntae Chorcaighe,
as Cathair Chorcaighe agus as conntaethibh is cathrachaibh nach iad? Cad
do chuir an fán uirthi, ó aimsir an droch-shaoghail go dtí seo?
'Neosad-sa díbh cad do chuir fán is ruagairt ar ár dteangain.
Leath-chéad bliadhan o shoin nó ós a chionn bhí sí dá labhairt go
flúirreach ag óg is aosta ar fuaid na Mumhan, & ba dhóigh le duine ná
tiocfadh aon bhriseadh go bráth uirthi. Bhí filidheacht le fagháil
aisti, bhí scéalta fiannaidheachta le fagháil aisti, bhí comhrádh suilt
is grinn le fagháil aisti. Dar ndóigh ba mhaith an rud sain. Acht ní
fhéadfadh daoine maireachtaint ar rannaibh filidheachta, is ní
bhainfeadh eachtraidhe ar Oisín is ar Oscar an tart ná an t-ocras de
mhuirighean óg neamh-chongantach. Níor féadadh dul chum cinn le gnó an
tsaoghail gan tabhairt suas éigin oireamhnach, & ní raibh an tabhairt
suas soin le fagháil i nGaedhilg, & bhí sé le fagháil i mBéarla. Dá
bhrigh sin cuireadh an Ghaedhilg i leath-taoibh & tá a rian uirthi
indiu. Tá an rud céadna soin ar siubhal fá láthair. Táthar ag cur na
Gaedhilge i leath-taoibh d'fhonn tabhairt suas tairbheach d'fhagháil i
mBéarla. Agus beifear dá cur i leath-taoibh go mbeidh sé 'n-ar gcumas
teagasc oireamhnach tairbheach a thabhairt i nGaedhilg do'n aos óg a
labhrann í do réir dhúthchais. Is maith an rud timthiridhe do scaoileadh
amach fá'n dtuaith; is maith an sud craobhacha do chur ar bun annso is
annsúd 'sna críochaibh Gaedhealacha. Ní'l aon locht agam le fagháil
ortha, acht creid mise leis ní réidhteochaidh timthiridhe an cheist go
lá an chunntais. Dá mbeadh timthire againn i gcóir gach sráid-bhaile nó
gach baile Gaedhealach & gach timthire a bheith ag obair go dian
dúthrachtach ó cheann ceann na bliadhna, dá mbeadh craobh do Chonnradh
na Gaedhilge i ngach baile & na leabhair is deise 'san domhan dá gcur
amach gach seachtmhain agus an ceól is bríoghmhaire i nÉirinn dá
spreagadh agus an rinnce is anamamhla le fagháil fá ghléas againn--ní
chuirfeadh na neithe sin go léir sonas ná bail ar ár dteangain dá mbadh
rud é gur bh'éigin do'n aos óg iompódh ar an mBéarla chum an tabhairt
suas d'oireann dóibh dá ngnó saoghail d'fhagháil. Is mar sin atá an
scéal fá láthair, agus is mar sin a bheidh an scéal go gcuirfear
scoileanna fíor-Ghaedhealacha ar bun. Acht mar adeir Conán Maol,
tosnuightear le héan-scoil amháin. Bíonn gach aon tosnughadh lag.
Lastaréan-choinneal bheag amháin mar thosnughadh, agus is gearr go
mbeidh soillse ar ndóthain againn. An bhfeacabhar riamh an chuma i n-a
lastar na coinle 'sna heaglasaidhibh. Nuair a bhíonn cruinniughadh mór
bailighthe le chéile agus coinneal i láimh gach duine aca, faghthar aon
bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar coinneal i láimh dhuine éigin
léi, druideann an duine sin a choinneal ar lasadh chum coinle a
chomhursan, & lasann a choinneal; lasann siúd coinneal an té bhíonn le
n-ais, agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine do duine, agus is
gearr an mhoill go bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na heaglaise go
lonnrach agus ag cur compórd is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin
a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile, cuirtear aon scoil amháin
ar bun; lastar an choinneal bheag amháin, agus is gearr le congnamh Dé
go mbeidh blaodhm soluis ag éirghe ó chúig áirdibh na hÉireann ná
múchfar go deó na ndeór. Is mithid dúinn tosnughadh. Is cuma cá
gcuirfear an scoil sin ar bun--i nDún na nGall, i gConntae na Gaillimhe
nó i gCiarraidhe. Acht ó's Ciarraidheach Conán Maol, ó's Ciarraidheach
"Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach mé féin, agus nuair ná fuil aon
chríoch ná Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is dóigh liom gur
fearra dhúinn tosnughadh le Ciarraidhe--áit éigin thiar an fad i mBaile
an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann Beithe. B'fhearr liom aon
scoil fíor-Ghaedhealach amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear airgead do
sholáthar acht ní dóigh liom go bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a
bhfuil siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras ná go dtabharfaidh an
Árd-fheis congnamh dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair.
Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir mo thuairime níor rinneadh obair
riamh ar son ár dteangan níos fearr 'ná an obair do cheap Conán Maol.

PÁDRAIG UA DUINNÍN.


IV. CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA, A UAISLE.


Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal, ní raibh námhaid ba mhó agam
ná bairile. Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún máighistir a bhí
againn, ní raibh oiread mo dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, & rud
ba mheasa na soin, slat chomh fada le slat Mhaoise. "Anois" adeireadh sé,
agus é ag rástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na slaite ar tí na súl
a bhaint asainn, "tá bairile áirithe ann agus dhá pholl ann--poll 'n-a
bhun agus poll 'n-a bharr, agus dhá corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán
d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc thíos do bheadh an bairile
follamh i gcionn deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh & go leogfá
uisce isteach ann tríd an bpoll thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá
nóimit déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an bairile lán, agus go
dtarraiceoghthá an dá chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i n-dísc?"

Is ar an gceist seo do chuimhnigheas an lá fé dheireadh nuair chonnac
aiste Chonáin Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh. Mar is
solaoid d'Éirinn an bairile úd. Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg--cnuasach
saothair intinne ár sinsear romhainn. Annsoin, do tháinig an fealltóir
Sasannaigh, & do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus siúd an
t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a
bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall locháin ar thaobh sráide
glagair, ag rinnce & ag bualadh bas le spórt nuair choncamair na caisí
geala ag gabháil síos, agus do rop cuid againn ár méaranna sa pholl ghá
fhairsingiughadh i gcás go mbeadh tuile níos mó againn.

Sul a raibh an tubaist ar fad déanta againn do tháinig fir chalma
Chonnradh na Gaedhilge d'ár gcose. D'éis aghaidh béil a thabhairt
orainne do chuadar ag stop an phuill. Acht níor leog an Sasannach dóibh
é.

"Pé nídh is mar a dheineann an Bairile," ar sé, "is liom-sa an poll
soin, agus ní leómhthaidh sibh barra méire a leogaint air."

"Déinimís poll i gceann an bhairilie" arsa na fir, "agus cuirimís
tuilleadh uachtair ann."

Do déanadh mar sin, agus do chuireadar fios ar uachtar ar fuid na tíre
le cur 'sa' bhairile; acht, foríor! tá uachtar gann i nÉirinn anois.
Cuireadh stranncán maith ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh,
cuid ó Chiaraidhe. Do chuir an tAthair Peadar tuna uaidh féin chúcha;
agus do bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín dóibh thall 'sa
abhus i dTír Chonaill. 'N-a n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil
aca acht an bainne géar, an lionn caol, & an bhláthach. Ní ag
lochtughadh na ndaoine n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go
toilteanach é, & ní raibh a mhalairt aca.

Tá atharrach scéil le tamall againn, agus ó tá is dóigh liom-sa nár
mhisde dhúinn a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an bairile fúinn
féin. Nach mithid dúinn an corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i mbairile
ag an máighistir úd a bhí orm-sa, agus déarfadh sé ná tiucfadh leis an
nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe a leogaint uaidh tríd an
uathais mhóir úd 'n-a thóin é.

Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo, tá seacht gcomhachta ag
cabhrughadh le chéile chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi-gheann
rith uisce poll choidhche. Ní'l éan-duine a thógadh suas le galldachas
ná déanfaidh sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar gallda mar é féin.
Chonnac-sa an lá eile triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh ghá
dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i n-aois a ceithre fichid. Bhí
"_tiss_, a laogh," agus "_neo_, a laogh," agus "_mindeen yoursel_, a
chuidín," ar bharra a teangan ó mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an
traen agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil á dhéanamh; tá an
post, & buachaillí an phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith dá
dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á dhéanamh; an gnó céadna ar
siubhal san scoil & san séipéal; na timthirí atá amuigh ó sna Bórdaibh
seo a bhíonn ag comhairliughadh na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta & na
cuairteóirí & a lucht leanamhana--tá siad so uile ag méadughadh an
phuill úd, mar tá siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag dingeadh Béarla
isteach ár gcluasaibh.

Féachaimís anois an bhfuil ár sciath-chosanta leathan láidir a dhóthain
chun na náimhde uile seo a choimeád uainn amach. Tá ár seasamh ar na
páistíbh. Chíonn gach éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh maith
againn 'slán beó' fhágaint ag ár mbairile go deó. Coimeádamís
Gaedhealach iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an dtuigid do
léightheóirí deacracht an nídh seo ámhthach. Labhradh éan-athair cloinne
atá ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas mar badh chóir. Badh
mhaith liom focal ó Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. Sé lóbh is
dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe beatha dhuine ar an saoghal. Acht
deirm-se ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas an cogadh a
bhíonn ar gach teinteán i n-a mbítear ag casadh le leanbhaí do choimeád
Geadhealach i n-indheóin na náimhde do áirimhigheas thuas. Agur má's mar
seo atá an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí connus atá sé ag an
marcsluagh ná tabharfadh a dtúismidhthe biorán buidhe ar ciaca bheidís
Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd-na, muinntir na Gaedhilge, do
sna leanbhaíbh seo.

Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach is i mBéarla déanfaidh an
sagart agus an t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd dóibh connus
Gaedhilg do léigheamh, acht óir is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla
bheith i mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd rinnce Gaedhealach
dhóibh, acht is i mBéarla dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de n-a
dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach nídh eile é. Ní'l an fear soin
cruthanta fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh leis an saghas
so oideachais ná _Anglo Irishmen_. Sin é go cruínn atá againn dá
dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh le baraile na tóna briste do
líonadh.

Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na teangan le fagháil taobh
amuigh de'n scoil Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur uirthi, &
gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i nGaedhilg. Ní dhéanfadh an
galldachas díth ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé siar síos
díobh mar a thuiteann an braon de'n lachain. Ní féidir an teagasc so
thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l sa cheann is fearr aca so
go fíor acht scoil ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin, costas
na scoile d'fhulang sa chéad fháscadh.

Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má chuirfimíd suas í, & má
théidheann an obair chun cinn innti--má thigeann linn gnó tairbheach a
dhéanamh innti--níl amhras ar domhan ná go ndíolfadh an bórd léighinn
asti i gcionn chúpla bliadhain, & ná go leogfaidís dúinne leanamhaint
do'n obair do chuireamair ar bun innti.

Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an chostais ar an gCoiste Ghnótha;
agus má bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh lasmuigh de'n
Choiste an t-airgead do dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go bhfuil an
scoil ag teastáil uainn, chomh cinnte go ndíolfadh an Bórd i gcionn
chúpla bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir dúinn mórán dá saghas
a bheith againn; chomh cinnte go bhfuil saoradh na teangan innte, go
dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhilgeóirí a chuirfidh le chéile chun í
do sholáthar.

Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna againn. Ba ró-lag é ár
dtosnughadh: Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugamaoid coiscéinn
chun cinn--ná téidhimíd pas beag níos aoirde. Is maith é sin. Leanamís
de. _Excelsior_ choidhche! Tá coiscéim na bliadhna so gan tabhairt fós
againn. Tugaimís chun scoile Chonáin í.

GRUAGACH an TOBAIR.

* * * * *

AN CLÓ-CHUMANN, (Teóranta),

Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha,

Baile Átha Cliath.

* * * * *